Le Mapaí Baoil Tuilte a léirítear eolas ar mhapaí faoi na
háiteanna a dtarlódh baol ó thuilte iontu. Is féidir eolas faoi thuilte a
chuardach in gceantar ar bith agus tuairiscí, grianghrafanna, altanna nuachtáin
agus eolas eile faoi thuilte ar tuairiscíodh mar gheall orthu a bhreathnú.
D’fhéadfadh tairbhe a bheith ag lucht pleanála agus daoine den phobal as Mapaí
Tuilte d’fhonn ceantair a mbaineann baol ó thuilte leo a shonrú agus socruithe
a dhéanamh mar gheall ar úsáid na talún agus cúrsaí forbraíochta.
Cliceáil ar an gcnaipe chun an suíomh a bhreathnú.
Tugtar deis éasca áisiúil ar shonraí faoi
thuilte leis an Suíomh Idirlín seo atá curtha i dtoll a chéile ag
Oifig na nOibreacha Poiblí
Sa chás gur mian leat eolas nua a chur ar fáil nó más dóigh leat an t-eolas atá
ar taispeáint faoi láthair a bheith contráilte, bheifí buíoch díot ach
foirm aiseolais a líonadh. Is féidir leas a bhaint as an bhfoirm sin le
tuairim ar bith faoin suíomh a chur in iúl freisin.
Seo
naisc le
suíomhanna idirlín eile a mbeadh baint acu le hábhar nó leas astu.